Téarmaí Díolacháin
1. Ginearálta
1.1 Leagann na Téarmaí Díolacháin seo amach na téarmaí agus na coinníollacha faoina soláthróimid Táirgí duit.
1.2 Aon tagairt a dhéantar do “tú”, do “do” nó don “chustaiméir” sna Téarmaí Díolacháin seo, ciallaíonn sé an duine a bhfuil na Táirgí á gceannach aige nó aici.
1.3 Aon tagairt a dhéantar do “muid”, “ár”, “sinn”, “díoltóir” nó “OnePlus” sna Téarmaí Díolacháin seo, ciallaíonn sé Reflection Investment B.V., KvK-number 64193756, Hofplein 20, 3032AC Rotterdam.
1.4 Aon tagairt a dhéantar do “Táirgí” sna Téarmaí Díolacháin seo, ciallaíonn sé sásanna láimhe soghluaiste agus oiriúintí arna gcur ar fáil ag OnePlus ar ár láithreán gréasáin https://www.oneplus.com/ie.
1.5 Nuair a úsáidtear an focal “scríbhinn” sna Téarmaí Díolacháin seo, áirítear ríomhphoist leis
1.6 Léigh na Téarmaí Díolacháin seo go cúramach, le do thoil, sula gcuirfidh tú aon ordú faoinár mbráid. Insíonn na Téarmaí Díolacháin seo duit cé sinn, conas a sholáthróimid Táirgí duit, conas a d’fhéadfaí an conradh a athrú nó a fhoirceannadh, cad ba cheart duit a dhéanamh má bhíonn fadhb ann agus eolas tábhachtach eile.
1.7 Déan teagmháil linn ag baint úsáid as na sonraí a leagtar amach in alt 20 (Déan Teagmháil Linn) má theastaíonn tuilleadh eolais uait, nó má cheapann tú go bhfuil botún sna Téarmaí Díolacháin seo.
2. Conradh maidir le Táirge/Táirgí a Cheannach
2.1 Trí ordú a dhéanamh ag baint úsáid as an bpróiseas seiceáil amach ar líne ar ár láithreán gréasáin, tá tairiscint á dhéanamh agat dúinn an Táirge/na Táirgí roghnaithe a cheannach.
2.2 Smaoineoimid ar do thairiscint Táirgí a cheannach agus glacfar léi an dáta is luaithe díobh seo a leanas: (i) an dáta ar a bhfaigheann tú “Ríomhphost Deimhnithe Ordaithe” nó (ii) an dáta ar a seachadtar an Táirge/na Táirgí. Ní ghlacfar leis an gconradh go dtí sin.
2.3 D’fhéadfaimís diúltú glacadh le d’ordú sna cásanna seo a leanas:
(A) níl an Táirge i stoc a thuilleadh;
(B) níl an Táirge á tháirgeadh a thuilleadh;
(C) tá luaineacht sa phraghas;
(D) ní féidir linn údarú a fháil do d’íocaíocht nó ní fhaighimid íocaíocht;
(E) ní thagann teistiméireacht chreidmheasa atá faighte againn ort lenár mbunriachtanais, agus/nó
(F) tá amhras againn go ndearnadh calaois.
2.4 Más amhlaidh atá, cuirfidh OnePlus d’ordú ar ceal, cuirfidh sé ar an eolas thú maidir leis an gcealú, agus aisíocfaidh sé an t-airgead atá íoctha agat ar an ordú leat go tráthúil.
2.5 Seachas má dhéantar foráil chuige faoin ndlí is infheidhme, is é an t-aon dliteanas a bheidh ar OnePlus maidir le haon ordú a chuirtear ar ceal ná an t-airgead atá íoctha agat ar ordú a aisíoc.
3. Praghsanna agus Íocaíochtaí
3.1 Is é praghas na dTáirgí ná an praghas arna thaispeáint ar ár láithreán gréasáin ag an seiceáil amach, seachas más soiléir go bhfuil sé mícheart.
3.2 Ní áirítear le praghsanna táirgí táillí iompair (tá níos mó sonraí maidir le táillí iompair le fáil ar ár láithreán gréasáin) ná táillí idirbhearta (táillí nach bhfuilimid freagrach astu).
3.3 Má tá tú ag íoc as d’ordú le cárta creidmheasa nó dochair idirnáisiúnta, d’fhéadfaí an praghas arna thaispeáint ar do ráiteas cárta a bheith difriúil, ag brath ar rátaí malairte. D’fhéadfadh do bhanc nó d’eisitheoir cárta costais agus táillí malairte eachtrannacha breise a ghearradh, a d’fhéadfadh costas foriomlán do cheannachán a mhéadú. Déan teagmháil le do bhanc nó le d’eisitheoirí cárta chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis sin sula ndéanfaidh tú aon ordú ar ár láithreán gréasáin.
3.4 Déanfaidh OnePlus an fhaisnéis phearsanta a chuireann tú ar fáil agus ceannach á dhéanamh agat a phróiseáil go leictreonach ar mhaithe le híoc as an ordú agus chun calaois a chosc.
3.5 Láimhseálann comhpháirtithe íocaíochta tríú páirtí íocaíochtaí ar oneplus.com agus ar gach fearann náisiúnta a bhaineann leis, agus déantar iad a tharchur trí úsáid a bhaint as an bprótacal Sraith Soicéad Slán (“SSL”) agus criptiú 2048 giotán. Ní stórálann OnePlus do shonraí íocaíochta ná ní bhíonn rochtain aige orthu. Coimeádtar sonraí do chárta creidmheasa/dochair ar fhreastalaithe ár gcomhpháirtí íocaíochtaí tríú páirtí.
4. Ár dTáirgí
4.1 Is chun críocha léiriúcháin amháin iad na híomhánna de na Táirgí ar ár láithreán gréasáin. Cé go bhfuil ár ndícheall déanta againn cruinneas na n-íomhánna Táirgí ar ár láithreán gréasáin a chinntiú, d’fhéadfadh do Tháirge a bheith beagán difriúil ó na híomhánna sin (mar shampla, ó thaobh an datha de).
5. Riosca agus Teideal
5.1 Tabhair faoi deara, le do thoil, gur tusa a bheidh freagrach as an Táirge/na Táirgí ón am a mbeidh an Táirge/na Táirgí seachadta ar an seoladh atá sonraithe agat nó ón am a mbaileoidh tú an Táirge/na Táirgí. Is leatsa an Táirge/na Táirgí nuair a bheidh íocaíocht iomlán faighte againn.
6. Polasaí Baránta
6.1 Tá gutháin OnePlus agus na hoiriúintí a shonraítear in alt 6.8 thíos, nuair a cheannaítear iad ar oneplus.com, cumhdaithe ag baránta teoranta OnePlus, a thosaíonn ar an dáta seachadta (an “Baránta Teoranta”).
6.2 Cumhdaíonn an Baránta Teoranta na comhbhaill crua-earraí dár dTáirge/dár dTáirgí, mar a chuirtear ar fáil ar dtús iad, agus fabhtanna Táirge a eascraíonn as caighdeán na hoibre nó na hábhair a úsáideadh. Ní chumhdaíonn an Baránta Teoranta aon cheann de na rudaí a liostaítear in alt 7 (Eisiamh ón mBaránta Teoranta).
6.3 Ní féidir an Baránta Teoranta a fhuascailt ach amháin laistigh den tír bhunaidh nó den réigiúin bunaidh ina ndearnadh tú an ceannach.
6.4 Chun éileamh a dhéanamh, cuir do chruthúnas bunaidh ar cheannach (sonrasc/sonraisc), múnla an Táirge/na dTáirgí agus sraithuimhir an Táirge, agus fianaise fhótagrafach ar fhabhtanna an Táirge ar fáil do Sheirbhísí do Chustaiméirí OnePlus https://www.oneplus.com/ie .
6.5 Beidh aon obair dheisiúcháin agus seirbhís athsholáthair cumhdaithe ag an mBaránta Teoranta, chomh maith le hiompar agus láimhseáil, saor in aisce laistigh de thréimhse an Bharánta Theoranta a shonraítear thíos.
6.6 D’fhéadfadh OnePlus páirteanna agus comhbhaill atá atógtha, athchóirithe nó nua a úsáid agus Táirge á dheisiú nó Táirgí á ndeisiú. De rogha air sin, d’fhéadfaimis Táirge/Táirgí OnePlus atógtha, athchóirithe nó nua a chur in ionad Táirge fabhtach nó Táirgí fabhtacha.
6.7 Tabhair faoi deara nach gcuirimid cúnamh iardhíola ar fáil ach sna réigiúin a seolaimid táirgí chucu (áitítear obair dheisiúcháin agus/nó athsholáthairtí/aischuir leis seo). Ní ghlacann OnePlus le dliteanas ar bith maidir le horduithe a dhéantar lasmuigh de réigiúin oifigiúla díola. Tá liosta dár réigiúin oifigiúla díola ar fáil anseo .
Item |
Limited Warranty Period |
Mobile Devices |
Twenty-four (24) months |
TV&AV |
Twenty-four (24) months |
Headphones and Electric Devices |
Twenty-four (24) months |
Screen Protector, Flip Cover, Protective Case, StyleSwap Cover, Swag
|
Fifteen (15) days |
6.9 Ní dhéanann an Baránta Teoranta difear do do chearta reachtúla.
7. Eisiamh ón mBaránta Teoranta
7.1 Ní chumhdaíonn an Baránta Teoranta na rudaí seo a leanas:
(A) bogearraí, earraí intomhalta, agus oiriúintí, fiú má tá siad pacáistithe agus díolta in éineacht le Táirge/Táirgí;
(B) fabhtanna nó damáiste mar thoradh ar thimpistí, faillí, mí-úsáid nó úsáid neamhghnách; fabhtanna nó damáiste mar thoradh ar choinníollacha neamhghnácha nó stóráil míchuí; nochtadh ar leacht, taisleach, taise, gaineamh nó salachar, nó brú neamhghnách fisiciúil, leictreach nó leictrimheicniúil;
(C) scríobhtaí, dingeacha agus damáiste cosmaideach, seachas más OnePlus a rinne;
(D) fabhtanna nó damáiste mar thoradh ar fhórsa iomarcach nó rudaí miotalacha a úsáid ar an scáileán tadhaill;
(E) gléasanna ar a bhfuil an tsraithuimhir nó an uimhir IMEI bainte, millte, damáistithe, athraithe nó doléite;
(F) gnáthchaitheamh agus gnáthchuimilt;
(G) fabhtanna nó damáiste mar thoradh ar an Táirge/na Táirgí a úsáid in éineacht le hoiriúintí, táirgí, nó fearas tánaisteach/forimeallach nach gcuireann OnePlus ar fáil nó nach gceadaíonn sé;
(H) aon fhabht nó damáiste ar ghné fhisiciúil mar thoradh ar thástáil, oibriú, cothabháil, suiteáil, seirbhísiú, nó cóiriú atá míchuí agus nach gcuireann OnePlus ar fáil nó nach gceadaíonn sé;
(I) fabhtanna nó damáiste mar thoradh ar chúiseanna seachtracha amhail taisme le rud, tine, tuile, salachar, stoirm ghaoithe, tintreach, crith talún, nochtadh ar dhálaí aimsire, gadaíocht, fiús séidte, nó m-úsáid foinse leictreachais;
(J) fabhtanna nó damáiste mar thoradh ar chomhartha ceallach a ghlacadh nó a tharchur, nó ar víreas nó fadhbanna eile bogearraí arna dtabhairt isteach sa Táirge/sna Táirgí;
(K) táirgí nár ceannaíodh ó oneplus.com nó ó hathdhíoltóirí údaraithe (molaimid go rachfá i dteagmháil leis an díolphointe chun tacaíocht a fháil);
(L) Táirgí a ceannaíodh lasmuigh de na tíortha nó na réigiúin ina bhfuil tacaíocht oifigiúil ag OnePlus, ar féidir liosta díobh a fháil anseo, agus
(M) obair dheisiúcháin arna déanamh ag ionaid dheisiúcháin neamhoifigiúla.
7.2 Ciallaíonn “neamhoifigiúil” nach ndearnadh an gceannach trí oneplus.com nó nach ndearnadh é ó pháirtí údaraithe de chuid OnePlus.
8. Ár gCearta Cealaithe
8.1 Déanann OnePlus a dhícheall na Táirgí a liostaítear i do dheimhniú ordaithe a sholáthar. Mar sin féin, beidh orainn d’ordú a chur ar ceal sna cásanna seo a leanas:
(A) tá oibleagáid dhlíthiúil orainn déanamh amhlaidh;
(B) tá amhras againn go ndearnadh calaois; agus/nó
(C) ní chuireann tú sonraí atá riachtanach dúinn chun an Táirge/na Táirgí a sholáthar ar fáil dúinn laistigh de thréimhse réasúnach ama de na sonraí sin a bheith iarrtha againn ort, mar shampla i gcás go gcuireann tú eolas seachadta nó sonraí teagmhála atá míchruinn nó neamhiomlán ar fáil dúinn, nó mura ndéanann tú nuashonrú ar an eolas nuair a iarraidh sin ort.
9. Do Chearta Cealaithe, Aischuir agus Athsholáthair
9.1 D’fhéadfaí go mbeidh tú in ann do chonradh a chur ar ceal, Táirge a ceannaíodh uainn a aischur nó Táirge/Táirgí athsholáthair a iarraidh orainn sna cásanna seo a leanas.
9.2 Táirge fabhtach nó cur síos mícheart. Tá ceanglas dlíthiúil orainn Táirgí a sholáthar atá oiriúnach dá bhfeidhm, atá de cháilíocht shásúil agus atá mar a chuirtear síos orthu . Is féidir leat d’ordú a chur ar ceal nó obair dheisiúcháin nó athsholáthar a lorg maidir le do Tháirge tríd an bpróiseas a leagtar amach in alt 10 (Polasaí Aischuir agus Athsholáthair maidir le Táirge/Táirgí atá Fabhtach) a leanúint má cheapann tú nach dtagann Táirge atá curtha ar fáil againn leis an gcur síos air, nó má tá sé fabhtach.
9.3 Ár n-gníomhaíochtaí nó na gníomhaíochtaí atá beartaithe againn . Is féidir leat Táirge a chur ar ais chugainn nó do chonradh a chur ar ceal ar aon cheann de na cúiseanna a leanas thíos:
(A) chuireamar ar an eolas thú maidir le hathrú ata le teacht ar an leagan de na Téarmaí a bhaineann leatsa, athrú nach n-aontaíonn tú leis (féach alt 18 (Athruithe) le haghaidh tuilleadh eolais air seo); agus
(B) tá ceart dlíthiúil agat deireadh a chur leis an gconradh mar gheall ar rud éigin mícheart atá déanta againn.
9.4 Athrú intinne. Tá sé de cheart agat do Tháirge/Tháirgí a chur ar ais nó do chonradh a chur ar ceal laistigh de 15 lá tar éis an lá ar a bhfaigheann tú an Táirge/na Táirgí. Is féidir leat Táirgí a chur ar ais ar chúis ar bith laistigh den tréimhse sin. Ba cheart an Táirge/na Táirgí a choimeád i ndea-bhail agus é/iad a chur ar ais sa phacáistíocht bhunaidh, más féidir. Coimeádaimid an ceart againn féin chun asbhaintí a dhéanamh (mar shampla, mar gheall ar aon chaillteanas i luach an táirge a bhfuil tusa mar údar leis). Beidh ort na costais a bhaineann le haon táirge a chur ar ais a íoc freisin. Is féidir leat do chonradh a chur ar ceal nó do Tháirge/Tháirgí a aischur tríd an bpróiseas a leagtar amach in alt 11 (Próiseas Aischuir) a leanúint nó trí teagmháil a dhéanamh linn ag baint úsáid as na sonraí a leagtar amach in alt 20 (Déan Teagmháil Linn). Tá ceart reachtach agat d’intinn a athrú laistigh de ceithre lá déag (14 lá) ó sheachadadh an Táirge/na dTáirgí. Tá na cearta a dhéantar cur síos orthu san alt seo sa bhreis air sin agus ní dhéanann siad difear do do chearta reachtacha.
9.5 Féach ar alt 10 (Polasaí Aischuir agus Athsholáthair maidir le Táirge/Táirgí atá Fabhtach) le haghaidh tuilleadh eolais ar na cearta sin agus conas iad a fheidhmiú.
10. Polasaí Aischuir agus Athsholáthair maidir le Táirge/Táirgí atá Fabhtach
10.1 Ní bhaineann an t-alt seo le haischuir faoin mBaránta Teoranta nó i gcásanna ina bhfuil d’intinn athraithe. Tá tuilleadh sonraí maidir le héileamh a dhéanamh faoin mBaránta Teoranta le fáil in alt 6 (Polasaí Baránta) agus in alt 7 (Eisiamh ón mBaránta Teoranta) agus tá tuilleadh sonraí maidir le haischuir agus cealuithe i gcás ina bhfuil d’intinn athraithe le fáil in alt 9.4.
10.2 Más mian leat Táirge a chur ar ais nó Táirge athsholáthair a fháil toisc nach bhfuil an Táirge bunaidh oiriúnach dá fheidhm, toisc nach bhfuil sé de cháilíocht shásúil, nó toisc nach bhfuil sé mar a cuireadh síos air, cuir duillín isteach trí ríomhphost a sheoladh chugainn ar https://www.oneplus.com/ie/support , le do thoil, ag cur síos ar an bhfadhb le do Tháirge agus an rud a mheasann tú a bheith fabhtach, damáistithe, nó éagsúil go hábhartha. Beidh duine d’fhoireann seirbhíse do chustaiméirí OnePlus i dteagmháil leat ansin maidir leis na chéad chéimeanna eile (mar shampla, d’fheadfaí go n-iarrfaidh sé nó sí ort an Táirge/na Táirgí atá fabhtach a chur ar ais trí an bpróiseas aischuir a leagtar amach in alt 11 (Próiseas Aischuir) a leanúint).
10.3 Má chinnimid, i ndiaidh dúinn iniúchadh a dhéanamh, go bhfuil aisíocaíocht dlite, próiseálfaimid an aisíocaíocht a luaithe is féidir agus, i ngach cás, laistigh de cheithre lá déag (14 lá) den lá ar a dtug tú fógra dúinn é a chur ar ceal.
10.4 Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhféadfaimis a roghnú gan glacadh le haischuir I gcásanna áirithe, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, na cásanna seo a leanas:
(A) fabhtanna nó damáiste a rinneadh mar gheall ar mhí-úsáid, faillí, damáiste fisiciúil, baint don Táirge, cóiriú mícheart, gnáthchaitheamh agus cuimilt nó suiteáil mícheart tar éis a cheannach; agus/nó
(B) i gcás go gceannaíonn tú Táirge saincheaptha, seachas má tá fabht leis an Táirge saincheaptha.
10.5 I ngach cás, déanfaimid iniúchadh ar an Táirge/na Táirgí agus deimhneoimid aon fhabht.
10.6 Le bheith incháilithe le haghaidh athsholáthair nó aisíocaíochta, ní mór go mbeadh gléasanna gan damáiste, mar a bheadh ceann nua ann agus sa phacáistíocht bhunaidh, más féidir. Coimeádaimid an ceart againn féin chun diúltú d’aisíocaíocht má mheastar le réasún go bhfuil damáiste déanta don Táirge a chuirtear ar ais.
10.7 Má dhéanann tú teagmháil linn laistigh de 15 lá den seachadadh maidir le Táirge fabhtach, beidh an rogha agat obair dheisiúcháin, athsholáthar nó aisíocaíocht a roghnú. Má aimsítear fabht níos mó ná 15 lá tar éis gur seachadadh an Táirge, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh linn trí úsáid a bhaint as na sonraí a leagtar amach in alt 20 (Déan Teagmháil Linn) agus deiseoimid nó athsholáthróimid an Táirge nó cuirfimid aisíocaíocht ar fáil.
10.8 Ní dhéanann an Polasaí Aischuir agus Athsholáthair difear do do chearta reachtacha.
11. Próiseas Aischuir
11.1 Chun aischur a phróiseáil, cuir foirm Ceadaithe Earraí Aischurtha (CEA) isteach anseo nó déan teagmháil le seirbhísí do chustaiméirí OnePlus chun aischur a iarraidh trí chuairt a thabhairt ar https://www.oneplus.com/ie/support . Gan iarratas CEA deimhnithe, diúltófar don phacáiste aischurtha. Ní féidir iarratais ar aischur a chur ar ceal nuair a bheidh an stádas “seolta” bainte amach acu.
11.2 Molaimid go bhfaighfeá cruthúnas postais má sheolann tú aon Táirge ar ais chugainn.
11.3 Nuair a bheidh teagmháil déanta agat le seirbhísí do chustaiméirí OnePlus agus nuair a bheidh aischur iarrtha agat, gheobhaidh Tú foirm CEA agus beidh ort í a chur isteach. Priontáil an fhoirm CEA agus cuir laistigh den phacáiste iompair atá á aischur agat. Cuirfear tuilleadh sonraí ar fáil maidir leis an bhfoirm CEA agus an próiseas aischuir i ríomhphost a sheolfaimid chugat nuair a bheidh aischur iarrtha agat.
12. Polasaí Iompair
12.1 Seoladh. Is gnách go seoltar orduithe laistigh de dhá (2) lá gnó den íocaíocht. D’fhéadfaí go mbeidh amanna iompair níos faide ag orduithe a dhéantar le linn tréimhsí promóisin agus le linn imeachtaí speisialta, faoi rogha OnePlus. I gcásanna den chineál sin, cuirfear custaiméirí ar an eolas roimh ré ar leithligh.
12.2 Tá liosta de réigiúin díolacháin a seolaimid Táirgí chucu le fáil anseo .
12.3 Seolfaimid an Táirge/na Táirgí chuig an seoladh seachadta a shonraíonn tú i d’ordú. Ní sheachadfaimid an Táirge/na Táirgí chuig do sheoladh seachadta ach má tá duine ann chun glacadh leo agus chun síniú a thabhairt ina leith.
12.4 Iniúchadh. Déantar iniúchadh ar gach Táirge, agus dúntar é go daingean sula seoltar é chun damáiste a sheachaint.
12.5 Nuashonruithe Stádas. Coimeádfaidh OnePlus ar an eolas thú ar an ríomhphost maidir le stádas d’ordaithe. Ní féidir orduithe a chur ar ceal nuair a bheidh an stádas “Réidh le seoladh” bainte amach acu.
12.6 Am Iompair a Ríomh. Ríomhtar an t-am iompair bunaithe ar an seoladh seachadta agus an modh seachadta. Tá na roghanna seo a leanas ann lena roghnú le linn seiceáil amach:
(A) Gnáth-sheachadadh (dhá (2) lá gnó d’am próiseála + trí (3) lá gnó – seacht (7) lá gnó)
(B) Seachadadh Tosaíochta (dhá (2) lá gnó d’am próiseála + aon (1) lá gnó amháin – trí (3) lá gnó)
12.7 Tabhair faoi deara nach ach meastacháin é gach dáta seachadta. Beidh táillí breise de dhíth le haghaidh seoltaí seachadta in áiteanna iargúlta. Ní féidir linn Táirgí a sheoladh chuig seoltaí Bosca PO agus seoltaí míleata.
12.8 Beimid i dteagmháil leat le dáta seachadta measta nó chun dáta seachadta a aontú.
12.9 Ní mholaimid úsáid a bhaint as seoladh aon chuideachta seolta post ar aghaidh agus Táirgí lena seachadadh a ordú, mar ní bheidh OnePlus in ann lóistíocht a rianú nuair a shroichfidh na Táirgí an chuideachta seolta ar aghaidh.
12.10 Tabhair faoi deara go bhféadfadh sé tarlú nach mbeidh na hamanna iompair a leagtar amach thuas ar fáil sna cásanna seo a leanas:
(A) má sceidealann tú seachadadh ag am seasta;
(B) má chuireann tú sonraí seolta atá míchruinn nó neamhiomlán ar fáil nó mura gcuireann tú eolas ar fáil dúinn atá riachtanach chun do Tháirge/Tháirgí a chur ar fáil duit. Tabhair faoi deara go bhféadfaimis deireadh a chur leis an gconradh mura gcuireann tú an t-eolas sin ar fáil dúinn laistigh de thréimhse réasúnach ama den eolas sin a bheith iarrtha againn ort, nó má chuireann tú eolas neamhiomlán nó míchruinn ar fáil. Ní bheimid freagrach as an Táirge/na Táirgí a sholáthar go déanach nó gan aon chuid díobh a sholáthar más é an chúis atá leis ná faillí a dhéanamh agatsa an t-eolas atá de dhíth againn a chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnach ama den eolas sin a bheith iarrtha againn ort;
(C) mura bhfuil tú sa bhaile nó mura bhfuil tú ar fáil ag am an tseachadta;
(D) má iarr tú go mbaileoidh tú féin é ag oifig an phoist; agus
(E) i gcás gur imeachtaí nach raibh neart againn orthu ba chúis le moilleanna (mar shampla, dálaí aimsire, easpa stoic, nó dá dteipfeadh ar ár gcórais chumarsáide). I gcásanna den chineál sin, déanfaimid teagmháil leat a luaithe is féidir chun tú a chur ar an eolas agus déanfaimid bearta chun tionchar na moille a laghdú. Má dhéanfaimid amhlaidh, ní bheimid freagrach as moilleanna a thagann as an imeacht. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn maidir le do chonradh a chur ar ceal nó aisíocaíocht a fháil maidir le haon Táirge nach bhfuil faighte agat má tá moill shuntasach ann leis an Táirge a fháil.
13. Maoin Intleachtúil
13.1 Ní léireofar aon ní dá bhfuil anseo mar cheadúnas a dheonú d’aon trádmharc, cóipcheart, paitinn, paitinn dearaidh, mascoibreacha, trád-dealramh, ná d’aon fhoirm eile de mhaoin intleachtúil de chuid OnePlus nó a chuid ceadúnóirí. Coimeádann OnePlus gach ceart aige féin go sonrach.
13.2 Do cheisteanna maidir le Polasaí Maoine Intleachtúla OnePlus, cliceáil anseo, le do thoil.
14. Ár Láithreán Gréasáin
14.1 Is linne gach ceart maoine intleachtúla ar ár láithreán gréasáin, lena n-áirítear an t-ábhar uile, nó tá sé de cheart againn iad a úsáid. Aontaíonn tú go n-úsáidfidh tú ár láithreán gréasáin chun críocha pearsanta neamhthráchtála amháin.
14.2 Cuirtear ár láithreán gréasáin ar fáil ar bhonn ‘mar atá’ agus ‘mar atá ar fáil’ agus ní dhéanfaimid aon uiríoll (cibé acu sainráite nó intuigthe) maidir lenár láithreán gréasáin. Mar shampla, ní thabharfaimid aon bharánta go gcomhlíonfaidh ár láithreán gréasáin do chuid riachtanas, go mbeidh sé ar fáil ceithre uair is fiche (24 uair) an chloig sa lá, nó nach gcuirfear isteach ar d’úsáid, nó go mbeidh sé saor ó earráid, fabht nó víreas.
15. Sonraí Pearsanta
Ní bhainfimid úsáid as do shonraí pearsanta ach mar a leagtar amach inár bPolasaí Príobháideachta (OnePlus Store).
16. Teorannú ar Dhliteanas
16.1 Ní eisiafaidh aon rud sna téarmaí seo dliteanas ceachtar páirtí maidir le rudaí nach féidir a eisiamh faoin ndlí, mar shampla:
(A) bás nó díobháil phearsanta mar thoradh ar fhaillí dár gcuid;
(B) calaois nó mífhaisnéis chalaoiseach;
(C) aon sárú ar na hoibleagáidí is intuigthe leis an Acht um Chearta Tomhaltóirí, 2015; alt 12 den Acht um Earraí a Dhíol, 1979 nó alt 2 den Acht um Earraí agus Seirbhísí a Sholáthar, 1982;
(D) ár n-oibleagáidí maidir le Táirgí fabhtacha faoin Acht um Chosaint Tomhaltóirí, 1987; nó
(E) aon sárú a dhéanaimid ar na Téarmaí Díolacháin seo d’aon ghnó a fhágfaí go mbeifeá i dteideal deireadh a chur leis an gconradh.
16.2 Faoi réir alt 16.1 thuas, táimid freagrach as caillteanas nó damáiste a dhéantar duit atá mar thoradh intuartha ar na Téarmaí Díolacháin seo á sárú nó an conradh á shárú againn, nó atá mar thoradh intuartha ar easpa cúraim nó scil á húsáid againn. Nílimid freagrach as aon chaillteanas nó damáiste nach féidir a thuar.
16.3 Ní chuirimid na Táirgí ar fáil ach lena n-úsáid teaghlaigh agus pearsanta agus, dá bhrí sin, nílimid faoi dhliteanas maidir le caillteanais ghnó (mar shampla, caillteanas ioncaim; caillteanas gnó; caillteanas brabús, caillteanas deiseanna gnó; agus/nó stopadh gnó).
17. Cearta agus oibleagáidí a aistriú
17.1 D’fhéadfaimis ár gcearta agus ár n-oibleagáidí faoi na Téarmaí Díolacháin seo a aistriú chuig eagraíocht eile.
17.2 Ní féidir leat do chearta nó d’oibleagáidí faoi na Téarmaí Díolacháin seo a aistriú chuig duine eile seachas má aontaímid leis sin i scríbhinn .
18. Athruithe
18.1 Coimeádaimid an ceart againn féin na Téarmaí Díolacháin seo a nuashonrú am ar bith gan réamhfhógra a thabhairt tríd ár láithreán gréasáin a nuashonrú dá réir.
18.2 Faoi réir alt 18.3 thíos, beidh tú faoi cheangal ag an leagan de na Téarmaí Díolacháin atá i bhfeidhm nuair a dhéanann tú an conradh.
18.3 D’fhéadfaí a cheangal ar OnePlus na Téarmaí Díolacháin a bhfuil tú faoina gceangal a athrú sna cásanna seo a leanas:
(A) nuair a éilítear orainn athruithe den chineál sin a dhéanamh faoin ndlí nó faoi na rialacháin is infheidhme; agus/no
(B) nuair a chuirimid ar an eolas thú maidir leis an athrú ar an Téarmaí Díolacháin sula nglacfaimid le d’ordú agus nuair nach gcuireann tú in iúl dúinn nach nglacann tú leis an téarmaí sin.
19. Ilghnéitheach
19.1 Inscoiteacht. Tá feidhm ag gach alt de na Téarmaí Díolacháin seo as féin. Má mheasann cúirt dlínse inniúla go bhfuil aon fhoráil nó cuid d’fhoráil sna Téarmaí Díolacháin seo neamhbhailí, neamhdhleathach nó do-infheidhmithe, measfar go mbeidh sí athraithe an méid is lú agus is gá chun go mbeidh sí bailí, dleathach agus infheidhmithe. Mura féidir athrú den sórt sin a chur i bhfeidhm, measfar go mbeidh an fhoráil nó an cuid den fhoráil iomchuí scriosta. Má athraítear nó má scriostar foráil nó cuid d’fhoráil faoin alt seo, ní bheidh tionchar aige sin ar bhailíocht agus infheidhmitheacht an chuid eile de na Téarmaí Díolacháin seo.
19.2 Clásal Feidhme. Beidh na Téarmaí Díolacháin seo ina gceangal ar na páirtithe agus ar a n-oidhrí, a seiceadóirí, a riarthóirí agus a gcomharbaí agus a sannaí ceadaithe faoi seach.
19.3 Gan Tarscaoileadh. Mura n-éilímid láithreach go ndéanann tú rud a bhfuil sé de cheangal ort a dhéanamh de réir na dtéarmaí seo, nó má sháraíonn tú na Téarmaí Díolacháin seo nó aon chonradh linn agus má tá moill orainn i mbearta a dhéanamh I do choinne, ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil ort na rudaí sin a dhéanamh, agus ní chuirfidh ár n-easpa gníomhaíochta roimhe sin bac orainn beart a dhéanamh i do choinne ag am níos déanaí.
19.4 Cearta Tríú Páirtithe. Ní bheidh aon cheart ag duine nach páirtí é nó í sna Téarmaí Díolacháin seo nó sa chonradh de réir na dTéarmaí nó an chonartha, nó i gceangal leo, faoi Acht na gConarthaí (Cearta Tríú Páirtithe), 1999.
19.5 Force Majeure. Ní bheidh ceachtar Páirtí faoi dhliteanas maidir le moill in oibleagáidí a chomhlíonadh nó maidir le mainneachtain oibleagáidí faoi na Téarmaí seo a chomhlíonadh más ceann de na rudaí seo a leanas is cúis leis an moill nó leis an mainneachtain: force majeure, foiche Dé, nó aon bheart rialtais, tine, crith talún, pléascadh, timpiste, díospóid thionsclaíoch, corraíl shibhialta, gníomhartha sceimhlitheoireachta nó rud ar bith nach bhfuil neart réasúnta ag ceachtar Páirtí air agus nach bhfuil baint ag locht nó faillí an Pháirtí lena mbaineann leis (“Imeacht Force Majeure”). Measfar go mbeidh ár gcomhlíonadh faoin gconradh ar fionraí don tréimhse a mbeidh an tImeacht Force Majeure ag leanúint ar aghaidh. Aontaíonn tú go gcuirfidh tú síneadh ama ar fáil dúinn chun ár n-oibleagáidí a chomhlíonadh le linn na tréimhse sin. Déanfaimid iarrachtaí réasúnacha chun deireadh a chur leis an Imeacht Force Majeure agus/nó oibriú thart uirthi ar bhealach réasúnta.
19.6 Fógraí. Fógraí foirmiúla arna dtabhairt agat dúinne trí ríomhphost a sheoladh chugainn ar ár seoladh ríomhphost atá leagtha amach in alt 20 (Déan Teagmháil Linn). D’fhéadfaimis fógra a thabhairt duit ag an seoladh ríomhphoist nó ag an seoladh poist a chuireann tú ar fáil dúinn agus ordú á dhéanamh agat nó trí nuashonrú a dhéanamh ar ár láithreán gréasáin. Measfar go bhfuil fógra faighte agus seirbheáilte i gceart láithreach nuair a phostáiltear é ar ár láithreán gréasáin, ceithre uair is fiche (24 uair) an chloig tar éis gur seoladh ríomhphost, nó trí (3) lá tar éis dháta seolta aon litreach. Le cruthú gur seirbheáladh fógra, is leor a chruthú, i gcás litreach, gur cuireadh an seoladh ceart uirthi, gur cuireadh stampa uirthi agus gur cuireadh sa phost í agus, i gcás ríomhphoist, gur seoladh an ríomhphost chuig seoladh ríomhphost sonraithe an tseolaí.
19.7 Tá sé beartaithe againn brath ar na Téarmaí Díolacháin seo agus ar aon doiciméad a dhéantar tagairt shonrach dó iontu maidir le hábhar an chonartha. Cé go n-aontaímid go bhfuilimid freagrach as ráitis agus uiríll arna ndéanamh ag ár n-ionadaithe atá údaraithe go cuí, bí cinnte go n-iarrann tú go ndéanfar aon athrú ar na Téarmaí Díolacháin seo a dheimhniú i scríbhinn.
20. D éan Teagmháil Linn
20.1 Déan teagmháil linn ag baint úsáid as na sonraí a leagtar amach thíos má bhíonn ceisteanna agat maidir leis na Téarmaí Díolacháin seo.
Tacaíocht ríomhphoist: https://www.oneplus.com/ie/support/
Rinne an nuashonrú is déanaí ar an doiciméad seo ar an 23.04.2022